Aids West
Aids West
Aids WestSitemapFeedback
Aids West Logo
Aids West

Cé muid? Cad é AIDS West?

Is eagraíocht dheonach í AIDS West, a bunaíodh i 1987, ag oibriú i réimse HIV agus Sláinte Ghnéasach. Lonnaithe i nGaillimh, tairgeann muid eolas faoi rún, saor in aisce, ar an bhfón agus seirbhísí tacaíochta do dhaoine faoi scáth HIV agus dóibh siúd buartha faoina sláinte ghnéasach féin, comh maith le seirbhisi coisctheacha agus oideachas i gCondaetha na Gaillimhe, Roscomáin agus Muigheo. Tá ár seirbhísi go huile is go hiomlán rúnda.

D’fhorbair AIDSWest ó ghrúpa beag oibrithe deonacha a bhailigh le chéile chun cabhrú le daoine ag fulaingt le HIV ina laethanta deire go heagraíocht le daoine proifisiúnta díograiseacha a thairgeann cúnamh agus tacaíocht dóibh siúd ag fulaingt le HIV, dá gclanna agus dá bhfeighlithe.

Cuireann muid oideachas agus comhairle choisctheach ar fáil i réimse sláinte ghnéasach, drugaí agus alcól , chun daoine in Iarthar na hÉireann a chosaint ó ghalar agus ionfhabhtú gnéasach (STIs) nó HIV.

Léiríonn figiúirí le déanaí gur víreas é HIV lena maireann 4,600 Éireannaigh, ar a laghad, chuile lá dá saoil agus is í aidhm AIDS West cabhrú leo déileáil leis an tinneas le dignit agus bród.

Cé go bhfuil sé tábhachtach a admháil go bhfuil feabhas mór tagtha ar chóir leighis i leith HIV agus go bhfuil fás drámata ar fhad saoil, tá an stigma a bhaineann le HIV fós le sonrú. Tá éileamh ar sheirbhísí AIDS West ag fás bliain i ndiaidh bliana.

2 Ráiteas Misin

Is é misean AIDS West cúram agus tacaíocht den chéad scoth a chur ar fáil do dhaoine ag maireachtáil le HIV/AIDS, a gcairde gaoil, a bpáirtithe agus lucht cúraim. Cuireann AIDS West sláinte dhearfa ghnéasach agus eolas ar HIV chun cinn, gan réamhchlaonadh nó idirdhealú, do chuile pobal in Iarthar na hÉireann.

3 Aidhmeanna

Seirbhísí Tacaíochta

  • Tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine le HIV agus dá gcairde gaoil, agus do dhaoine le géarchéim / fadhb lena sláinte ghnéasach.
  • Deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le HIV saol folláin a chaitheamh tré a ndearcadh a leathnú ar na seansanna atá ann faoina gcoinne agus tacaíocht ábhartha a thabhairt dóibh, más oiriúnach í.
  • Páirt a ghlacadh i bhfobhairt polasaithe, dirithe ar sholáthar seirbhisí a fheabhsú i gceantar an Iarthair.
  • Briseadh deire seachtaine chun sos a sholáthar do dhaoine atá HIV dearfa agus dá bhfeighlithe.

Seirbhísí Oideachais.

  • Dea-bhail ghnéasach a neartú tré cláracha traenála atá úr agus iomchuí a chur ar fáil do scoileanna, grúpaí pobail, eagraíochtaí na nóg agus araile.
  • Oibriú leis an HSE agus grúpaí comhphobail i bhfobairt agus soláthar an chláir, “múin na múinteoirí”, do scoileanna, grúpaí pobail agus araile.
  • Tairgeann AIDS West cáilíocht aitheanta tríú léibhéal sa réimse sláinte ghnéasach i dteannta le NUI, Gaillimh.

Aithne / Eolas

  • Feachtais aithne a fhorbairt, ábhar eolais a chur ar fáil, bá na meán chumarsáide a spreagadh, agus imeachtaí a reachtáil a chuirfidh an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi HIV / AIDS, ionfhabhtú gnéas-seolta agus sláinte ghnéasach.
  • Fónchúnaimh / eolas ar HIV agus STIs a sholáthar.
  • Páirt ghníomhach a ghlacadh i dtaighde coisctheach agus cúraim.
  • Iris ráithiúil a fhoilsiú; “ Happinness is Vital – Tá Sonas Riachtanach”.
  • Páirt a ghlacadh i gcruinnithe náisiúnta / áitiúla a bhaineann le obair AIDS West agus i ngréasáin / comhaltaisí chun córas dea-iompair den chéad scoth a chothú.

Grúpaí i mBaol (Seirbhísí an Phobail – Outreach)

  • Seirbhisi comhchoitianta cúnta a chur ar fáil do dhaoine óga a d’fhéadfadh a bheith i mbaol agus atá i dteangmháil le seirbhísí eile.
  • Cláracha comhchoitianta a chur ar fáil do ghrúpaí atá i mbaol, i.e. an pobal aerach, lucht iarrtha tearmainn, priosúnaigh agus go leor eile i bhfoirm oideachais, tacaíocht, comhairle, coiscíní saor in aisce agus araile.
 
 

Stair na hEagraíochta

Bunaíodh AIDS West i 1987 faoin ainm Cairde chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine le HIV/AIDS. I dtús na nóchaidí leathnaigh na haidhmeanna chun seirbhisi coisctheacha / oideachais a sholáthar in Iarthar na hÉireann. Ag an am sin ní raibh aon pholasaí rialtais nó réigiúnda ar HIV/AIDS. De réir mar a thóraiodh seirbhisí HIV/AIDS san Iarthar, mhair an eagraíocht ar dhea-mhéin roinnt oibrithe deonacha a bhí imníoch faoin scéal. Thar am, athraíodh an t-ainm go AIDS Help West chun an t-athrú róil mar sheirbhís tacaíochta agus oideachais a léiriú.

I 1992 tar éis don Straitéis AIDS Náisiúnta béim a chur ar ról na hearnála deonaí ag dul i ngleic le dúshlán HIV, bronnadh achmhainn ar an eagraíocht don chéad uair chun a seibhisí a sholáthar. Comhlucht Teoranta ó 1995 i leith atá san eagraíocht.

Ag deire na nóchaidí cuireadh an iris "Happiness is Vital" ar fáil ag tabhairt eolais ar sheirbhisí AIDS West, nuacht agus fáisnéis ar cheisteanna HIV agus fóram do dhaoine le HIV+ agus dóibh siúd go bhfuil baint acu leis. Rinneadh ath- chóiriú rialta ar an iris agus méadaíodh ar an méid a chuireadh ar fáil.

I 2001 chuir an eagraíocht suíomh ar an idirlín, d’athraigh an t-ainm go AIDS West agus, ag cloí le dea-chleachtadh, ghlac uirthi féin réimse uilig sláinte ghnéasach, le STIs agus Hepatatis tógtha san áireamh.

I rith 2003 chruthaigh an eagraíocht ceangal láidir le clinic galair tógálaigh, bunaithe ag Ospidéal Choláiste na hOllscoile faoi stiúir Dr. Catherine Fleming. Chuir AIDS West seirbhís láidir tacaíochta ar fáil don chlinic seo.

Bhí deis anois ag daoine máguaird a gcóireáil liachta agus a dteisteanna fola trí- mhíosúil a fháil go háitiúil, in ionad taisteal go Baile Átha Cliath. De bharr faitíos faoi rúndacht, thogh roinnt othair fós taiteal soir ach d’fhás lion na n-othar ó thús-figiuir faoi chúig déag, go hochtó ,de thoradh clinic áitiúil a bheith lonnaithe i nGaillimh.

Chruthaigh athrú mór in eis-imirce agus tóraíocht tearmainn dúshláin nua don Oifigeach Chomhordaithe le seirbhísi tacaíochta. Cuireann AIDS West tacaíocht siceolaíochta agus sóisialta ar fáil don Réigiúin Iarthair uilig agus do dhaoine HIV+ ó chúlraí éagsúla.

I 2007 bhí bród ar AIDS West dírbheatháisneis "Still Standing" le Liz Martin a fhoilsiú, bean a bhí le blianta fada mar chrann taca cróga agus cliant ag AIDS West.

 

D’eirigh go hiontach le reachtáil, don chéad uair, an "Sain-Teastas in Urramú Sláinte Ghnéásach" i 2006/7. Creidiúnaithe ag NUIG, is é an chéad teastas dá leithid san tír agus reachtáltar é gach dara bliain.
 
 
 

Eolas faoi STIs

Bacterial Vaginosis | Candida | Chlamydia | Genital Herpes | Genital Warts | Gonorrhoea | Hepatitis A, B & C | HIV/AIDS | Mulluscum Contagiosum | Non-Specific Urethritis | Pubic Lice | Syphilis | Trichomonas

Bailíodh an fháisnéis sa roinn faoi ghalrú gnéas-seolta ar an suíomh seo ó fhoinsí leighis atá creidiúnach agus leasaítear an t-eolas go rialta. Má tá tú buartha faoi ghné ar bith de do shláinte ghnéasach, déan teagbháil le do dhochtúir nó le clinic sláinte ghnéasaí áitiúil.

Is í aidhm an réamhrá gearr seo ná insint duit faoi na dáinséirí atá ag baint le comhriachtain gan chosaint. Níl sé ag iarraidh tú a chur ó chleachtadh chaidrimh ghnéasaigh atá dearfa.

 

Tá galair tarchurtha gnéasacha (STIs) coitianta sa tsochaí in Éirinn inniu. Ce gur féidir déileáil go héasca lena bhformhór, tá cuid acu go bhfuil gá le cúrsa leighis níos leithne.

Titeann na príomh STIs in dhá chatagóir - baictéarach agus víreasach. Is féidir cóir a thabhairt go héasca do ionfhabhtú baictéarach le cúrsa frithbheatha má aimsítear go luath é. Is féidir cóir a thabhairt do ionfhabhtú vireasach le cúrsa leighis frith-vireasach ach i gcásanna áirithe ní féidir é a bhánú ón gcorp.

Tá sé tábhachtach a rá nach dtabharfaidh coiscín le linn comhriachtana cosaint iomlán in aghaidh STIs/HIV, ach laghdóidh sé go mór an baol ionfhabhta.

 

Bacterial Vaginosis

Tarlaíonn Bacterial Vaginosis do mhná agus i measc na gcomharthaí tá sileadh tanaí glas ón bhfaighin le boladh iascúil. Ní ionfhabhtú gnéas-seolta é seo, cé go bhfuil na hairíonna cosúil le roinnt STIs. Ní gá cóir a chur ar fhir toisc nach féidir leo BV a fháil.

Candida

Is fungas ghiosta is cúis le Candida nó Thrush a fhaightear sa bhfaighin, sa mbéal, sa gcúlphasáiste agus scaití ar cheann an bhoid. Cé nach bhfuil dochar ar bith ann, d’fhéadfadh iomarca fáis an fhungais airíonna tochais, péine agus greadfaí a chruthú sna limistéir iomchuí. Is féidir cóir leighis a cheannach ag cógaslann ach ba cheart an riocht a fháithmheas ar dtús ag dochtuir chun a chinntiú nach STIs iad.

Chlamydia

Is ionfhabhtú baictéarach é Chlamydia agus tá sé ar cheann de na galair leighis is coitianta i measc an phobail domhanda. Ní léir comharthaí galair ag gach duine le Chlamydia. Ní bhíonn airíonna ar bith ag leath na bhfear agus trí cheathrú na mban le Chlamydia agus ní bhionn fhios acu fiú go bhfuil ionfhabhtú ann. Tógtar teisteanna táithín chun an ionfhabhtú a aithint agus tá sé éasca cóir a chur air le frithbheathaigh. Ba cheart páirtithe collaí a scrúdú agus cóir a chur orthu chomh maith chun ath-ionfhabhtú a sheachaint.

Genital Warts

Is iad faithní giniúna an ionfhabhtú gnéas-seolta is coitianta in Éirinn. Papillomavirus (HPV) éagsúil daonna is cúis leo.

Creidtear gur ionfhabhtú an-tógálach é agus scaiptear é tré theagbháil craiceann-go-craiceann. Nochtaítear mionchnapanna le dath-chraicinn orthu sa réimse giniúnach atá de ghnáth gan phian ach gur féidir leo bheith tochasach. Úsáidtear go hiondúil mar chóir leighis taos nó ungadh nó fuar-sprae díreach ar an limistéar iomchuí.

Gonorrhea "The Clap"

Is ionfhabhtú baictéireach é Gonorrhea agus mar sin is féidir le frithbheathaigh deáileáil go simplí leis. . Maireann an tréimhse goir ó 2 go 14 lá leis na hairíonna á noctú idir an 2 agus 5 lá tar éis bheith ionfhabhtaithe. Is féidir le dream beag daoine bheith gan siomtóim ar bith. Ba cheart do pháirtithe collaí dul faoi scrúdú agus cóir a chur orthu chun ath-ionfhabhtú a sheachaint.

Genital Herpes

Tá dhá chinéal víoras; herpes simplex, HSV1 ar a dtugtar "cneá fuar" (cold sore) a bhaineann de ghnáth leis an mbéal agus HSV2 a chruthaíonn cneánna timpeall an bhoid, na faighne agus an chúlphasáiste. Nuair nach léir comharthaí ar bith luíonn HSV go suaimhneach i gcoirp na gcillíní néaróige ag athghineadh díreach faoin gcraiceann le linn na ráige.

Tá HSV tógálach agus tarchuirtear é go hiondúil tré theagbháil direach beola agus/ nó baill ghiniúna nuair atá na cneánna i láthair, nó díreach sula dtagann siad amach (ar a dtugtar "shedding"). Is féidir leis freisin bheith ina luí go suanach i gcorp na gcillíní néaróige ag athchruthú faoin gcraiceann i rith na ráige. Go hiondúil roimh an ráig braithtear mothú tochais nó gríofadaigh sula bhfeictear na spuaiceanna ar an gcraiceann.

Hepatitis A

Is ionfhabhtú vireasach é a tharchuirtear tré thruailliú feartha ar bhia nó uisce. Cruthaíonn sé hepatitis (athlasadh ae) géar, nach bhfuil tréimhse leannánta aige agus nach ndéanfaidh damáiste buan don ae. Ní sheoltar go gnéasach de ghnáth é, cé gur tuairiscíodh gur tharla ráigeanna de i measc fireannach a bhí aerach agus dhá-ghnéasach. Nuair a leigheastar Hepatitis A ní féidir é a tharchur. Tá vacsaín ar fáil a choiscfidh ionfhabhtú ó Hepatitis A agus moltar e a úsáid ag taisteal go tíortha le léibhéil arda den ghalar.

Hepatitis B

Is galar ae é Hepatitis B a tharlaíonn de thoradh an víorais Hepatitis B, ar a ghlaoitear HBV. Tarchuirtear é go hiondúil tré aimliú do shreabháin chorpartha leis an vioras. Tarlaíonn aimliú dá shórt le comhriachtain gan chosaint, fuillaistriú, athúsáid steallairí truaillithe chomh maith le tarchur ó mháthair go leanbh le linn breith clainne.

Hepatitis C

Is ionfhabhtú vireasach ae é Hepatitis C (HCV). Is féidir leis an ngalar athlasadh ae a chruthú go minic gan airíonna ach go dtarlaíonn hepatitis leannánta le cirrhosis agus ailse ae níos déanaí. Scaiptear Hepatitis C tré theagbháil fuil-go-fuil le fuil duine ionfhabhta. Is é an bealach is coitianta ná tré instealladh drugaí agus trealamh a roinnt; steallairí, spúnóga, cadás, uisce agus cócaireáin ina measc. Mhol lucht taighde gur féidir HCV a tharchur tré dhrugaí mídhleathacha a shrannadh ar nós "cocaine" agus "crack" tré soip (go bhfuil fiú mion-rian ronnaigh nó fola ann) a roinntear idir lucht úsáide. Is fiú a lua gur féidir leis an vioras maireachtáil ar feadh sé mhí taobh amuigh den chorp. Is féidir leis scaipeadh tré fhearas déadach, leighis, nó tatú nach ndearnadh aimridiú ceart air. Cé nach fadhb níos mó in Éirinn í, d’fhéadfadh earraí/táirgí fola í dtiortha eile nach ndearnadh scagadh ceart orthu bheith contúirteach.

Molluscum Contagiosum

Is ionfhabhtú vireasach é Molluscum Contagiosum a chruthaítear ag an víoras pox. Is féidir é a tharchur go gnéasach ach ní seo an t-aon bhealach amháin. Scaiptear é tré theagbháil craiceann-go-craiceann, nó in ionad pobal ar nós linn snámha nó áras gleacaíochta. I ndaoine fásta téann ionfhabhtú molluscum atá tarchurtha go gnéasach i gcion ar na baill ghiniúna, ar an íosbholg, ar na mása agus taobh istigh de na ceathrúna. Nochtaítear na loit ó 1 seachtain go 6 mhí tar éis an ionfhabhtú. Feictear spotaí cruinneachánacha beaga sa limistéar iomchuí. Ní gá cóir leighis a thabhairt i gcónaí, ach má eiríonn na comharthaí fadhbach úsáidtear fuar-sprae.

Pubic Lice "crabs"

Is feithid bheag é an míol cnis phortáin gur féidir leis maireachtáil i mbeagnach gach saghas gruaige ar dhuine ach go bhfaightear é go coitianta i ngruaig bhléine.. Sin an fáth go dtugtar an t-ainm míol bléine air. Is féidir teacht air sna malaí, fabhraí, féasóga, croméil agus fiú ar ghruaig faoin ascaill. D’fhéadfadh an míol aonarach maireachtáil tuairim is 24 uair a chloig gan teagbháil daonna agus sin an fáth gur féidir leis na míolta portáin bheith tarchurtha ó mhálaí codlata agus ó leapacha. Beathaítear an míol le fuil agus is féidir leis spotaí tochais a fhágáil ar an gcraiceann. Cé go bhfuil sé bearránach níl dochar ar bith ann agus is féidir cóir a chur air le taos sna háiteanna iomchuí. Ba cheart páirtithe collaí a scrúdú agus a leigheas.

Non-Specific Urethritis

Is athlasadh ar an úiréadra (píobán a ritheann ón lamhnán fuail go barr an bhoid) é non-specific urethritis NSU. Is féidir le roinnt orgánaigh, Gonorrhoea, Chlamydia, Trichomonas, Herpes agus Candida ina measc, NSU a chruthú. Tá sé tábhachtach a lua go bhféadfadh cúiseanna neamh-ionfhabhtaithe ar nós bacainn úiréadrach, coirp choimthíocha, suaitheadh agus staideanna eagsúla atá tógálach a bheith mar bhun leis. I measc na gcúiseanna eile tá damáiste fisiciúil m.s. gnéas fior fhuinniúil nó fáscadh nó dochar ceimiceach ó dhíghalráin.

De bharr lion mór na gcúiseanna, ar dtús úsáidtear frithbheathach leathan réimseach mar chóir leighis. Tá sé tábhachtach go dtugtar cúram don othar agus don pháirtí collaí agus go ndéantar staonadh ó ghnéas go dtí go gcuirfear cúram ar ‘chuile pháirtí.

HIV

Is víoras é Human Immunodeficiency Virus (HIV) a chruthaíonn Acquired Immunodeficiency Syndrome (AIDS), galar i ndaoine nuair a a thosaíonn an córas imdhíonach ag teip, ag fágáil an duine i mbaol bháis ó ionfhabhtaithe atá deis-thógálach. Cruthaíonn orgánaigh, nach gcuireann isteach ar dhaoine le córas imdhíonach folláin, na hionfhabhtaithe deis-thógálacha seo. Braitheann siad ar dheis chun daoine le córas imdhíonach lag a ionsaí. Má cheapann tú go bhfuil dáinséar gur phioc tú suas HIV, is fearr dul faoi theist go luath in áit é a chur ar an mhéar fhada. Is feidir le córais leighis nua AIDS a chosc nó moill a chur air.

Tarchur

Na bealaí is coitianta chun HIV a phiocadh suas.

Gnéas faighneach, timpireach, béil gan choiscín le duine atá HIV dearfa.

Snáthaidí, steallairí nó fearas drugaí dá shórt a roinnt le duine atá ionfhabhtaithe le HIV

Máthair HIV dearfa dá leanbh le linn toirchis, ag an mbreith nó cothú cíche

Fuillaistriú, earraí fola nó nódadh bhall beatha i dtíortha nach bhfuil lán-scagadh riachtanach.

Tatú agus/nó polladh le fearas nach bhfuil go hiomlán aimridithe.

Gearradh steallaire le fuil atá ionfhabhtaithe le HIV

 

Ní féidir HIV a fháil tré;

Pógadh, teagbháil, barróg a bhreith nó lámh a chroitheadh.

Casachtaigh nó sraoth a ligean

Cuitléireacht nó fearas cócaireachta a roinnt.

Bia réitithe ag duine le HIV a ithe

Linn snámha

Cailg feithide nó ainmhí

Teagbháil le suíochán leithris

Syphilis

Is ionfhabhtú gnéas-seolta é Syphilis, cruthaithe ag baictéar ar a dtugtar Treponema Palladium. Ní bhíonn airíonna ar bith ag caoga faoin gcéad go bhfuil syphilis orthu. Leanann an ionfhabhtú trí chéim; bunchéim, meánchéim agus céim dheire chiúin. I mbunchéim syphilis seans go mbeidh othras ann, de ghnáth sa réimse bléine ach scaití sa mbéal. Muna dtugtar aire dó téann sé chun cinn go dtí an mhéan-chéim, nuair a nochtaítear bruth, go minic ar bhosa na lámh agus ar bhun na gcos. Is féidir leis an tríú agus an suanchéim tarlú blianta fada ina dhiaidh sin. Muna dtugtar aire dó d’fhéadfadh sé fadhbanna móra leighis a chruthú, ar nós dochar a dhéanamh don chóras néaróige, don chroí nó don inchinn agus is féidir leis bheith marfach. D’fhéadfaí cóir leighis a chur ar Syphilis ag am ar bith le frithbheathaigh agus ba cheart cóir a chur chomh maith ar pháirtithe collaí

Trichomonas Vaginalis

Níl trichomonas vaginalis baictéarach nó vireasach ach is mionpharaisít é a fhaightear i bhfaighin nó úiréadra na mban. Tá formhór na bhfear ainsiomtómach.

Seans nach mbíonn comharthaí ar bith ag mná ach má bhíonn is cosúil gur tochas agus sileadh coipeach buí-ghlas a bhéas ann. Is féidir trichomonas vaginalis a aimsiú tré an sileadh nó samplaí tógtha ón bhfaighin a scrudú. Is féidir cóir a chur air go simplí le frithbheathaigh agus ba cheart cóir a chur fosta ar pháirtithe collaí chun ath-ionfhabhtú a sheachaint.

 

 

 

 

 

 

 

 

 
 

AIDS WEST, Ozanam House Street, Augustine Street, Galway. Helpline: 091 562213 t: 091 566266 f: 091 564708 e: info@aidswest.ie